Navigering
GDPR > Aithris 79
Hämta PDF

Aithris 79

(79) Le cosaint ceart agus saoirsí ábhar sonraí agus freagracht agus dliteanas rialaitheoirí agus próiseálaithe, agus a mhéid a bhaineann le faireachán agus bearta a dhéanann na húdaráis mhaoirseachta, ceanglaítear go leithroinntear na freagrachtaí faoin Rialachán seo go soiléir, lena n-áirítear i gcás ina gcinneann rialaitheoir críocha agus modhanna na próiseála i gcomhpháirt le rialaitheoirí eile nó i gcás ina ndéantar an phróiseáil thar ceann rialaitheora.