Navigacija
Atsisiųsti kaip PDF

Aithris 30

(30) Féadfar daoine nádúrtha a chomhcheangal le sainaitheantóirí ar líne a sholáthraítear lena gcuid gléasanna, feidhmchlár, uirlisí agus prótacal, amhail seoltaí prótacail idirlín, aitheantóirí fianán nó aitheantóirí eile amhail clibeanna aitheantais radaimhinicíochta.

D’fhéadfadh sé go bhfágfaí loirg leis an méid sin a d’fhéadfaí a úsáid chun próifílí de na daoine nádúrtha a chruthú agus chun iad a shainaithint, go háirithe tráth a gcuirfí i gcomhcheangal le sainaitheantóirí uathúla iad agus le faisnéis eile a fhaigheann na freastalaithe.