(141) Ba cheart an ceart a bheith ag gach ábhar sonraí gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta aonair, go háirithe sa Bhallstát sin ina bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi, agus ba cheart an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil a bheith aige nó aici i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt má mheasann an t-ábhar sonraí go bhfuil a chearta nó a cearta faoin Rialachán seo á sárú nó mura ngníomhaíonn an t-údarás maoirseachta i leith gearáin, má dhiúltaíonn sé do ghearán go páirteach nó go hiomlán nó má dhíbheann sé go páirteach nó go hiomlán é nó mura ngníomhaíonn sé i gcás inar gá dul i mbun gníomhaíocht den sórt sin chun cearta an ábhair sonraí a chosaint.
Ba cheart an t-imscrúdú i ndiaidh gearáin a dhéanamh, faoi réir athbhreithniú breithiúnach, a mhéid is iomchuí sa chás sonrach sin.
Ba cheart don údarás maoirseachta an t-ábhar sonraí a chur ar an eolas faoin dul chun cinn a dhéantar maidir leis an ngearán agus faoi thoradh an ghearáin laistigh de thréimhse réasúnta.
Más gá tuilleadh imscrúdaithe nó tuilleadh comhordaithe a dhéanamh le húdarás maoirseachta eile, ba cheart faisnéis a thabhairt don ábhar sonraí idir an dá linn.
Chun tíolacadh gearán a éascú, ba cheart do gach údarás maoirseachta bearta a ghlacadh amhail foirm le gearán a dhéanamh a chur ar fáil a fhéadfar a líonadh isteach go leictreonach freisin, gan modhanna eile cumarsáide a eisiamh.