(58) Ceanglaítear le prionsabal na trédhearcachta gur cheart é a bheith éasca rochtain a fháil ar aon fhaisnéis atá dírithe ar an bpobal nó ar an ábhar sonraí, gur cheart don fhaisnéis sin a bheith gonta agus éasca a thuiscint agus gur cheart í a bheith i dteanga shoiléir shimplí agus, sa bhreis air sin, gur cheart úsáid a bhaint as léirshamhlú, i gcás inarb ábhartha.
D’fhéadfaí faisnéis den sórt sin a chur ar fáil i bhfoirm leictreonach, mar shampla, agus í dírithe ar an bpobal, trí shuíomh gréasáin.
Tá ábharthacht ar leith ag baint leis sin i staideanna ina bhfágann iomadú na ngníomhaithe agus castacht theicneolaíoch an chleachtais nach éasca don ábhar sonraí a bheith ar an eolas faoi cibé an bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi á mbailiú, faoi cé atá á mbailiú agus faoi cad chuige a bhfuil siad á mbailiú, agus nach éasca dó nó di an méid sin a thuiscint, amhail i gcás fógraíocht ar líne.
Toisc go bhfuil cosaint ar leith dlite do leanaí, ba cheart aon fhaisnéis agus cumarsáid maidir le próiseáil a bhaineann le leanbh a thabhairt i dteanga shoiléir shimplí le go bhféadfaidh an leanbh í a thuiscint go héasca.