Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Aithris 89
Íoslódáil PDF

Aithris 89

Recital 89

(89) I dTreoir 95/46/CE rinneadh foráil maidir le hoibleagáid ghinearálta chun fógra a thabhairt do na húdaráis mhaoirseachta faoin bpróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta.

Cé go mbaineann ualaí riaracháin agus airgeadais leis an oibleagáid sin, níor chuidigh sí i gcónaí le cosaint sonraí pearsanta a fheabhsú.

Dá bhrí sin, ba cheart oibleagáidí ginearálta fánacha den sórt sin maidir le fógra a thabhairt a dhíothú, agus nósanna imeachta éifeachtacha agus sásraí éifeachtacha a chur ina n-ionad, ar nósanna imeachta agus sásraí iad lena gcuirfí béim ar na cineálacha oibríochtaí próiseála sin ar dócha go mbeadh ardriosca ag gabháil leo maidir le cearta agus le saoirsí daoine nádúrtha mar gheall ar chineál, ar raon feidhme, ar chomhthéacs agus ar chuspóirí na n-oibríochtaí sin.

Áirítear i gcineálacha oibríochtaí próiseála den sórt sin, go háirithe, na hoibríochtaí sin lena mbaintear úsáid as teicneolaíochtaí nua, nó na cinn ar de chineál nua iad agus nach bhfuil measúnú tionchair ar chosaint sonraí déanta ag an rialaitheoir ina leith go fóill nó na cinn a bhfuil measúnú tionchair ar chosaint sonraí tagtha chun bheith riachtanach mar gheall ar an tréimhse ama a chuaigh thart ón uair a rinneadh an phróiseáil tosaigh i leith.

(89) Directive 95/46/EC provided for a general obligation to notify the processing of personal data to the supervisory authorities.

While that obligation produces administrative and financial burdens, it did not in all cases contribute to improving the protection of personal data.

Such indiscriminate general notification obligations should therefore be abolished, and replaced by effective procedures and mechanisms which focus instead on those types of processing operations which are likely to result in a high risk to the rights and freedoms of natural persons by virtue of their nature, scope, context and purposes.

Such types of processing operations may be those which in, particular, involve using new technologies, or are of a new kind and where no data protection impact assessment has been carried out before by the controller, or where they become necessary in the light of the time that has elapsed since the initial processing.