Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Aithris 73
Íoslódáil PDF

Aithris 73

Recital 73

(73) Maidir le srianta a bhaineann le prionsabail shonracha agus leis na cearta chun faisnéis a fháil, chun rochtain a fháil ar shonraí pearsanta agus chun go ndéanfaí sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh.

leis an gceart chun iniomparthacht sonraí, leis an gceart agóid a dhéanamh, le cinntí atá bunaithe ar phróifíliú, chomh maith le sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí agus le roinnt oibleagáidí gaolmhara atá ar na rialaitheoirí, féadfar iad a fhorchur le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, a mhéid is gá agus is comhréireach i sochaí dhaonlathach chun an tslándáil phoiblí a choimirciú, lena n-áirítear chun beatha an duine a chosaint go háirithe mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha nó ar thubaistí de dhéanamh an duine, chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh i gcoinne bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc, nó coimirciú a dhéanamh i gcoinne sáruithe eitice i gcás gairmeacha rialáilte, cuspóirí tábhachtacha eile de chuid an Aontais nó de chuid Ballstáit a bhaineann le leas ginearálta an phobail, go háirithe leas tábhachtach eacnamaíoch nó airgeadais de chuid an Aontais nó de chuid Ballstáit, clárlanna poiblí a choinneáil, ar clárlanna iad a choinnítear ar chúiseanna a bhaineann le cuspóirí tábhachtacha eile leas ginearálta an phobail, tuilleadh próiseála ar shonraí pearsanta a cartlannaíodh chun faisnéis shonrach a chur ar fáil a bhaineann le hiompar polaitiúil faoi iar-réimis ollsmachtacha stáit nó chun an t-ábhar sonraí nó cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint, lena n-áirítear cosaint shóisialta, sláinte phoiblí agus críocha daonnúla.

Ba cheart na srianta sin a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sa Chairt agus sa Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint.

(73) Restrictions concerning specific principles and the rights of information, access to and rectification or erasure of personal data, the right to data portability, the right to object, decisions based on profiling, as well as the communication of a personal data breach to a data subject and certain related obligations of the controllers may be imposed by Union or Member State law, as far as necessary and proportionate in a democratic society to safeguard public security, including the protection of human life especially in response to natural or manmade disasters, the prevention, investigation and prosecution of criminal offences or the execution of criminal penalties, including the safeguarding against and the prevention of threats to public security, or of breaches of ethics for regulated professions, other important objectives of general public interest of the Union or of a Member State, in particular an important economic or financial interest of the Union or of a Member State, the keeping of public registers kept for reasons of general public interest, further processing of archived personal data to provide specific information related to the political behaviour under former totalitarian state regimes or the protection of the data subject or the rights and freedoms of others, including social protection, public health and humanitarian purposes.

Those restrictions should be in accordance with the requirements set out in the Charter and in the European Convention for the Protection of Human Rights and Fundamental Freedoms.