Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Aithris 71
Íoslódáil PDF

Aithris 71

Recital 71

(71) Ba cheart an ceart a bheith ag an ábhar sonraí gan a bheith faoi réir cinneadh, a bhféadfadh beart a bheith mar chuid de, lena meastar gnéithe pearsanta a bhaineann leis nó léi agus atá bunaithe ar phróiseáil uathoibrithe amháin agus ag a mbíonn éifeachtaí dlíthiúla maidir leis nó léi nó a mbíonn éifeacht chomhchosúil shuntasach aige air nó uirthi, amhail diúltú uathoibríoch d’iarratas ar líne i leith creidmheas a fháil nó cleachtais earcaíocht ar líne nach mbaineann aon idirghabháil le duine leo.

Áirítear ar phróiseáil den sórt sin “próifíliú”, arb é atá i gceist leis foirm ar bith de phróiseáil uathoibrithe a dhéantar ar shonraí pearsanta lena meastar na gnéithe pearsanta a bhaineann le duine nádúrtha, go háirithe chun anailís nó tuar a dhéanamh ar ghnéithe a bhaineann le feidhmíocht an ábhair sonraí ag an obair, le staid eacnamaíochta, le sláinte, le roghanna pearsanta nó le díol spéise, le hiontaofacht nó iompar an duine sin, leis an áit ina bhfuil an duine sin nó le gluaiseachtaí an duine sin, i gcás ina mbíonn éifeachtaí dlíthiúla mar thoradh air sin a bhaineann leis nó léi nó a mbíonn éifeachtaí comhchosúla suntasacha aici air nó uirthi.

Ba cheart, áfach, cinnteoireacht a cheadú atá bunaithe ar phróiseáil den sórt sin, lena n-áirítear próifíliú, nuair atá sin údaraithe go sainráite le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit a bhfuil an rialaitheoir faoina réir, lena n-áirítear chun faireachán a dhéanamh ar chalaois agus ar imghabháil cánach agus chun críocha iad a chosc, ar faireachán é a dhéantar i gcomhréir le rialacháin, caighdeáin agus moltaí institiúidí de chuid an Aontais nó comhlachtaí náisiúnta maoirseachta, agus chun go n-áirithítear sláine agus iontaofacht seirbhíse a sholáthraíonn an rialaitheoir, nó atá riachtanach maidir le conradh a dhéanamh nó a chomhlíonadh idir an t-ábhar sonraí agus rialaitheoir, nó sa chás gur thug an t-ábhar sonraí a chead sainráite nó a cead sainráite.

In aon chás, ba cheart próiseáil den sórt sin a bheith faoi réir coimircí oiriúnacha, agus ba cheart a áireamh ar choimircí den sórt sin faisnéis shonrach don ábhar sonraí agus an ceart idirghabháil ó dhuine a fháil, an ceart a dhearcadh nó a dearcadh a chur in iúl, an ceart míniú a fháil ar an gcinneadh a rinneadh i ndiaidh measúnú den sórt sin agus an ceart agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh.

Níor cheart baint a bheith ag beart den sórt sin le leanbh.

(71) The data subject should have the right not to be subject to a decision, which may include a measure, evaluating personal aspects relating to him or her which is based solely on automated processing and which produces legal effects concerning him or her or similarly significantly affects him or her, such as automatic refusal of an online credit application or e-recruiting practices without any human intervention.

Such processing includes ‘profiling’ that consists of any form of automated processing of personal data evaluating the personal aspects relating to a natural person, in particular to analyse or predict aspects concerning the data subject’s performance at work, economic situation, health, personal preferences or interests, reliability or behaviour, location or movements, where it produces legal effects concerning him or her or similarly significantly affects him or her.

However, decision-making based on such processing, including profiling, should be allowed where expressly authorised by Union or Member State law to which the controller is subject, including for fraud and tax-evasion monitoring and prevention purposes conducted in accordance with the regulations, standards and recommendations of Union institutions or national oversight bodies and to ensure the security and reliability of a service provided by the controller, or necessary for the entering or performance of a contract between the data subject and a controller, or when the data subject has given his or her explicit consent.

In any case, such processing should be subject to suitable safeguards, which should include specific information to the data subject and the right to obtain human intervention, to express his or her point of view, to obtain an explanation of the decision reached after such assessment and to challenge the decision.

Such measure should not concern a child.

Chun próiseáil chothrom thrédhearcach a áirithiú i ndáil leis an ábhar sonraí, agus na himthosca sonracha agus an comhthéacs sonrach a bhaineann le próiseáil na sonraí pearsanta á gcur san áireamh, ba cheart don rialaitheoir nósanna imeachta iomchuí matamaiticiúla nó staidrimh a úsáid don phróifíliú, bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme, arb iomchuí iad chun a áirithiú, go háirithe, go ndéantar tosca, a mbíonn míchruinnis sna sonraí pearsanta mar thoradh orthu, a cheartú, agus a áirithiú go ndéantar an riosca maidir le hearráidí a íoslaghdú, chun sonraí pearsanta a shlánú ar bhealach lena gcuirtear san áireamh na bagairtí a d’fhéadfadh a bheith i gceist maidir le leasanna agus cearta an ábhair sonraí agus lena gcuirtear cosc, inter alia, ar éifeachtaí idirdhealaithe atá ar dhaoine nádúrtha ar bhonn tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, reiligiúin nó creidimh, duine a bheith mar chomhalta de cheardchumann, stádas géiniteach nó sláinte, gnéaschlaonta, nó a bhfuil bearta lena ngabhfadh éifeacht den sórt sin mar thoradh orthu.

Níor cheart cinnteoireacht ná próifíliú uathoibrithe bunaithe ar chatagóirí speisialta sonraí pearsanta a cheadú ach amháin faoi choinníollacha sonracha.

In order to ensure fair and transparent processing in respect of the data subject, taking into account the specific circumstances and context in which the personal data are processed, the controller should use appropriate mathematical or statistical procedures for the profiling, implement technical and organisational measures appropriate to ensure, in particular, that factors which result in inaccuracies in personal data are corrected and the risk of errors is minimised, secure personal data in a manner that takes account of the potential risks involved for the interests and rights of the data subject and that prevents, inter alia, discriminatory effects on natural persons on the basis of racial or ethnic origin, political opinion, religion or beliefs, trade union membership, genetic or health status or sexual orientation, or that result in measures having such an effect.

Automated decision-making and profiling based on special categories of personal data should be allowed only under specific conditions.