Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Aithris 63
Íoslódáil PDF

Aithris 63

Recital 63

(63) Ba cheart é a bheith de cheart ag ábhar sonraí rochtain a fháil ar shonraí pearsanta a bailíodh a bhaineann leis nó léi, agus ba cheart don ábhar sonraí a bheith in ann an ceart sin a fheidhmiú go héasca agus ag eatraimh réasúnta, d’fhonn a bheith ar an eolas faoi dhlíthiúlacht na próiseála agus d’fhonn dlíthiúlacht na próiseála a fhíorú.

Áirítear leis sin an ceart atá ag ábhair sonraí rochtain a fháil ar shonraí a bhaineann lena sláinte, amhail na sonraí ina dtaifid leighis ina bhfuil faisnéis amhail diagnóis, torthaí scrúduithe, measúnuithe a rinne lianna cóireála agus faisnéis faoi aon chóireáil nó idirghabháil a rinneadh.

Ba cheart é a bheith de cheart ag gach ábhar sonraí, dá bhrí sin, a bheith ar an eolas agus teachtaireacht a fháil go háirithe maidir leis na críocha ar chucu a dhéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil, agus leis an tréimhse ar lena linn a dhéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil, nuair is féidir é, le faighteoirí na sonraí pearsanta, leis an loighic a bhaineann le haon uathphróiseáil sonraí pearsanta agus leis na hiarmhairtí a bhaineann le próiseáil den sórt sin, ar a laghad nuair atá an phróiseáil sin bunaithe ar phróifíliú.

I gcás inar féidir é, ba cheart don rialaitheoir a bheith in ann cianrochtain ar chóras slán a thabhairt lena dtabharfaí rochtain dhíreach don ábhar sonraí ar a shonraí pearsanta nó ar a sonraí pearsanta.

Níor cheart don cheart sin dochar a dhéanamh do chearta ná saoirsí daoine eile, lena n-áirítear cearta agus saoirsí maidir le rúin trádála nó maoin intleachtúil agus go háirithe níor cheart dó dochar a dhéanamh don chóipcheart lena gcosnaítear bogearraí.

Níor cheart, áfach, é a bheith mar thoradh ar na cúinsí sin go ndiúltófaí don fhaisnéis uile a thabhairt don ábhar sonraí.

Má dhéanann an rialaitheoir próiseáil ar chainníocht mhór faisnéise a bhaineann leis an ábhar sonraí, ba cheart don rialaitheoir a bheith in ann a iarraidh go sonróidh an t-ábhar sonraí, sula seachadfar an fhaisnéis, an fhaisnéis nó na gníomhaíochtaí próiseála a mbaineann an iarraidh léi nó leo.

(63) A data subject should have the right of access to personal data which have been collected concerning him or her, and to exercise that right easily and at reasonable intervals, in order to be aware of, and verify, the lawfulness of the processing.

This includes the right for data subjects to have access to data concerning their health, for example the data in their medical records containing information such as diagnoses, examination results, assessments by treating physicians and any treatment or interventions provided.

Every data subject should therefore have the right to know and obtain communication in particular with regard to the purposes for which the personal data are processed, where possible the period for which the personal data are processed, the recipients of the personal data, the logic involved in any automatic personal data processing and, at least when based on profiling, the consequences of such processing.

Where possible, the controller should be able to provide remote access to a secure system which would provide the data subject with direct access to his or her personal data.

That right should not adversely affect the rights or freedoms of others, including trade secrets or intellectual property and in particular the copyright protecting the software.

However, the result of those considerations should not be a refusal to provide all information to the data subject.

Where the controller processes a large quantity of information concerning the data subject, the controller should be able to request that, before the information is delivered, the data subject specify the information or processing activities to which the request relates.