Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Aithris 45
Íoslódáil PDF

Aithris 45

Recital 45

(45) I gcás ina ndéantar próiseáil i gcomhréir le hoibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir nó i gcás ina bhfuil gá le próiseáil chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil, ba cheart bunús a bheith ag an bpróiseáil i ndlí an Aontais nó i ndlí Ballstáit.

Ní cheanglaítear leis an Rialachán seo dlí sonrach a bheith ann do gach próiseáil ar leith.

D’fhéadfadh sé gur leor dlí mar bhunús d’oibríochtaí éagsúla próiseála ar bhonn oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir nó nuair is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil.

Ba cheart freisin gur faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit a bheadh sé críoch na próiseála a chinneadh.

Thairis sin, d’fhéadfadh an dlí sin coinníollacha ginearálta an Rialacháin seo a shonrú lena rialaítear dlíthiúlacht na próiseála sonraí pearsanta, na sonraíochtaí a bhunú lena gcinntear an rialaitheoir, cineál na sonraí pearsanta atá faoi réir na próiseála, na hábhair sonraí lena mbaineann, na heintitis a bhféadfar na sonraí pearsanta a nochtadh dóibh, na teorannuithe de réir cuspóra, an tréimhse stórála agus bearta eile chun próiseáil dhleathach chothrom a áirithiú.

Ba cheart gur faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí Ballstáit a bheadh sé cinneadh a dhéanamh freisin maidir le cé acu ar cheart don rialaitheoir a chuireann cúram i gcrích ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil a bheith mar údarás poiblí nó mar dhuine nádúrtha nó dlítheanach eile a rialaítear faoin dlí poiblí, nó, i gcás inarb é ar mhaithe le leas an phobail déanamh amhlaidh, lena n-áirítear chun críocha sláinte, amhail sláinte phoiblí agus cosaint shóisialta agus bainistiú seirbhísí cúraim sláinte, faoin dlí príobháideach, amhail comhlachas gairmiúil.

(45) Where processing is carried out in accordance with a legal obligation to which the controller is subject or where processing is necessary for the performance of a task carried out in the public interest or in the exercise of official authority, the processing should have a basis in Union or Member State law.

This Regulation does not require a specific law for each individual processing.

A law as a basis for several processing operations based on a legal obligation to which the controller is subject or where processing is necessary for the performance of a task carried out in the public interest or in the exercise of an official authority may be sufficient.

It should also be for Union or Member State law to determine the purpose of processing.

Furthermore, that law could specify the general conditions of this Regulation governing the lawfulness of personal data processing, establish specifications for determining the controller, the type of personal data which are subject to the processing, the data subjects concerned, the entities to which the personal data may be disclosed, the purpose limitations, the storage period and other measures to ensure lawful and fair processing.

It should also be for Union or Member State law to determine whether the controller performing a task carried out in the public interest or in the exercise of official authority should be a public authority or another natural or legal person governed by public law, or, where it is in the public interest to do so, including for health purposes such as public health and social protection and the management of health care services, by private law, such as a professional association.