Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Aithris 31
Íoslódáil PDF

Aithris 31

Recital 31

(31) Údaráis phoiblí a nochtar sonraí pearsanta dóibh i gcomhréir le hoibleagáid dhlíthiúil maidir le feidhmiú a misin oifigiúil, amhail údaráis chustaim agus chánach, aonaid imscrúdúcháin airgeadais, údaráis neamhspleácha riaracháin, nó údaráis de chuid an mhargaidh airgeadais atá freagrach as rialáil agus as maoirseacht a dhéanamh ar mhargaí urrús, níor cheart a mheas gur faighteoirí iad má fhaigheann siad sonraí pearsanta a theastaíonn chun fiosrúchán ar leith a dhéanamh ar mhaithe leis an leas ginearálta, i gcomhréir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit.

Aon iarrataí a sheolfaidh údaráis phoiblí, ba cheart iad a bheith i gcónaí i scríbhinn, réasúnaithe agus ócáideach i gcónaí agus níor cheart córas comhdúcháin ina iomláine a bheith i gceist leo ná níor cheart idirnascadh córas comhdúcháin a bheith mar thoradh orthu.

An phróiseáil a dhéanann na húdaráis phoiblí sin ar shonraí pearsanta, ba cheart di na rialacha cosanta sonraí is infheidhme de réir chríocha na próiseála a chomhlíonadh.

(31) Public authorities to which personal data are disclosed in accordance with a legal obligation for the exercise of their official mission, such as tax and customs authorities, financial investigation units, independent administrative authorities, or financial market authorities responsible for the regulation and supervision of securities markets should not be regarded as recipients if they receive personal data which are necessary to carry out a particular inquiry in the general interest, in accordance with Union or Member State law.

The requests for disclosure sent by the public authorities should always be in writing, reasoned and occasional and should not concern the entirety of a filing system or lead to the interconnection of filing systems.

The processing of personal data by those public authorities should comply with the applicable data-protection rules according to the purposes of the processing.