Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Aithris 162
Íoslódáil PDF

Aithris 162

Recital 162

(162) I gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta chun críoch staidrimh, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis an bpróiseáil sin.

Ba cheart a chinneadh le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, faoi chuimsiú theorainneacha an Rialacháin seo, ábhar staidrimh, rialú rochtana, sonraíochtaí chun sonraí pearsanta a phróiseáil chun críoch staidrimh agus bearta iomchuí chun cearta agus saoirsí an ábhair sonraí a choimirciú agus chun rúndacht staidrimh a áirithiú.

Ciallaíonn críocha staidrimh aon oibríocht maidir le sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil atá riachtanach le haghaidh suirbhéanna staidrimh nó le haghaidh torthaí staidrimh a tháirgeadh.

Féadfar na torthaí staidrimh sin a úsáid tuilleadh chun críocha éagsúla, lena n-áirítear críoch taighde eolaíoch.

Tugann an chríoch staidrimh le tuiscint nach sonraí pearsanta a bhíonn mar thoradh ar phróiseáil chun críocha staidrimh ach sonraí comhiomlána, agus nach mbaintear úsáid as an toradh sin ná as na sonraí pearsanta chun tacú le bearta nó le cinntí a bhaineann le haon duine nádúrtha ar leith.

(162) Where personal data are processed for statistical purposes, this Regulation should apply to that processing.

Union or Member State law should, within the limits of this Regulation, determine statistical content, control of access, specifications for the processing of personal data for statistical purposes and appropriate measures to safeguard the rights and freedoms of the data subject and for ensuring statistical confidentiality.

Statistical purposes mean any operation of collection and the processing of personal data necessary for statistical surveys or for the production of statistical results.

Those statistical results may further be used for different purposes, including a scientific research purpose.

The statistical purpose implies that the result of processing for statistical purposes is not personal data, but aggregate data, and that this result or the personal data are not used in support of measures or decisions regarding any particular natural person.