Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Aithris 142
Íoslódáil PDF

Aithris 142

Recital 142

(142) I gcás ina measann ábhar sonraí go bhfuil a chearta nó a cearta faoin Rialachán seo á sárú, ba cheart an ceart a bheith aige nó aici sainordú a thabhairt do chomhlacht, d’eagraíocht nó do chomhlachas seachbhrabúsach a bhunaítear i gcomhréir le dlí Ballstáit, a bhfuil cuspóirí reachtúla chun leas an phobail aige nó aici agus atá gníomhach sa réimse maidir le sonraí pearsanta a chosaint, gearán a chur faoi bhráid údarás maoirseachta ar a shon nó ar a son, agus ba cheart an ceart a bheith aige nó aici an ceart chun leigheas breithiúnach a fháil a fheidhmiú ar son ábhar sonraí nó an ceart chun cúiteamh a fháil ar son ábhar sonraí, má dhéantar foráil don chás deireanach sin i ndlí Ballstáit.

Féadfaidh Ballstát foráil a dhéanamh go mbeadh sé de cheart ag comhlacht, ag eagraíocht nó ag comhlachas den sórt sin gearán a thaisceadh sa Bhallstát sin, neamhspleách ar shainordú ábhair sonraí, i mBallstát den sórt sin, agus go mbeadh an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil aige nó aici i gcás ina bhfuil cúiseanna ann lena meas gur sáraíodh cearta ábhair sonraí mar thoradh ar phróiseáil sonraí pearsanta a sháraíonn an Rialachán seo.

Ní fhéadfaidh an comhlacht, an eagraíocht nó an comhlachas sin cúiteamh a éileamh thar ceann an ábhair sonraí go neamhspleách ar shainordú an ábhair sonraí.

(142) Where a data subject considers that his or her rights under this Regulation are infringed, he or she should have the right to mandate a not-for-profit body, organisation or association which is constituted in accordance with the law of a Member State, has statutory objectives which are in the public interest and is active in the field of the protection of personal data to lodge a complaint on his or her behalf with a supervisory authority, exercise the right to a judicial remedy on behalf of data subjects or, if provided for in Member State law, exercise the right to receive compensation on behalf of data subjects.

A Member State may provide for such a body, organisation or association to have the right to lodge a complaint in that Member State, independently of a data subject’s mandate, and the right to an effective judicial remedy where it has reasons to consider that the rights of a data subject have been infringed as a result of the processing of personal data which infringes this Regulation.

That body, organisation or association may not be allowed to claim compensation on a data subject’s behalf independently of the data subject’s mandate.