Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Aithris 136
Íoslódáil PDF

Aithris 136

Recital 136

(136) Agus an sásra comhsheasmhachta á chur i bhfeidhm aige, ba cheart don Bhord tuairim a eisiúint, laistigh de thréimhse shocraithe ama, má chinneann tromlach dá chomhaltaí amhlaidh nó má iarrann aon údarás maoirseachta lena mbaineann nó an Coimisiún air déanamh amhlaidh.

Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Bhord cinntí a ghlacadh freisin, atá ceangailteach de réir dlí, i gcás ina bhfuil díospóidí ann idir údaráis mhaoirseachta.

Chun na críche sin, ba cheart dó, i bprionsabal trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí, cinntí a eisiúint, atá ceangailteach de réir dlí, i gcásanna a shonraítear go soiléir agus ina bhfuil tuairimí contrártha i measc údaráis mhaoirseachta, go háirithe faoi chuimsiú an tsásra maidir le comhar idir an príomhúdarás maoirseachta agus údaráis mhaoirseachta lena mbaineann maidir le tuillteanais an cháis, go háirithe an bhfuil sárú ar an Rialachán seo ann nó nach bhfuil.

(136) In applying the consistency mechanism, the Board should, within a determined period of time, issue an opinion, if a majority of its members so decides or if so requested by any supervisory authority concerned or the Commission.

The Board should also be empowered to adopt legally binding decisions where there are disputes between supervisory authorities.

For that purpose, it should issue, in principle by a two-thirds majority of its members, legally binding decisions in clearly specified cases where there are conflicting views among supervisory authorities, in particular in the cooperation mechanism between the lead supervisory authority and supervisory authorities concerned on the merits of the case, in particular whether there is an infringement of this Regulation.