Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Aithris 116
Íoslódáil PDF

Aithris 116

Recital 116

(116) Nuair a aistrítear sonraí pearsanta thar theorainneacha lasmuigh den Aontas, d’fhéadfaí daoine nádúrtha a chur i mbaol breise maidir lena gcumas cearta cosanta sonraí a fheidhmiú go háirithe chun iad féin a chosaint ar úsáid mhídhleathach nó nochtadh mídhleathach na faisnéise sin.

Ag an am céanna, d’fhéadfadh sé nach mbeadh údaráis mhaoirseachta in ann gearáin a leanúint ná imscrúduithe a dhéanamh maidir leis na gníomhaíochtaí próiseála a dhéantar lasmuigh dá dteorainneacha.

D’fhéadfadh sé freisin go gcuirfí isteach ar iarrachtaí na n-údarás sin a bheith ag obair le chéile sa chomhthéacs trasteorann mar gheall ar easpa cumhachtaí coisctheacha nó feabhais, mar gheall ar shocruithe neamhréireacha dlí, agus,mar gheall ar bhacainní praiticiúla amhail srianta ó thaobh acmhainní.

Dá bhrí sin, is gá comhar níos dlúithe a chur chun cinn i measc údaráis mhaoirseachta um chosaint sonraí chun cuidiú leo faisnéis a mhalartú agus imscrúduithe a dhéanamh lena gcomhpháirtithe idirnáisiúnta.

Chun sásraí comhair idirnáisiúnta a fhorbairt chun cúnamh frithpháirteach idirnáisiúnta a éascú agus a chur ar fáil chun forfheidhmiú a dhéanamh ar reachtaíocht don chosaint ar shonraí pearsanta, ba cheart don Choimisiún agus do na húdaráis mhaoirseachta faisnéis a mhalartú agus comhoibriú i ngníomhaíochtaí a bhaineann lena gcuid cumhachtaí a fheidhmiú le húdaráis inniúla i dtríú tíortha, ar bhonn na cómhalartachta agus i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(116) When personal data moves across borders outside the Union it may put at increased risk the ability of natural persons to exercise data protection rights in particular to protect themselves from the unlawful use or disclosure of that information.

At the same time, supervisory authorities may find that they are unable to pursue complaints or conduct investigations relating to the activities outside their borders.

Their efforts to work together in the cross-border context may also be hampered by insufficient preventative or remedial powers, inconsistent legal regimes, and practical obstacles like resource constraints.

Therefore, there is a need to promote closer cooperation among data protection supervisory authorities to help them exchange information and carry out investigations with their international counterparts.

For the purposes of developing international cooperation mechanisms to facilitate and provide international mutual assistance for the enforcement of legislation for the protection of personal data, the Commission and the supervisory authorities should exchange information and cooperate in activities related to the exercise of their powers with competent authorities in third countries, based on reciprocity and in accordance with this Regulation.