Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Aithris 112
Íoslódáil PDF

Aithris 112

Recital 112

(112) Ba cheart feidhm a bheith ag na maoluithe sin, go háirithe maidir le haistrithe sonraí a bhfuil gá leo agus atá riachtanach ar fhorais thábhachtacha leasa phoiblí, mar shampla i gcásanna malartaithe idirnáisiúnta sonraí idir údaráis iomaíochta, idir riaracháin chánach nó idir riaracháin chustaim, idir údaráis mhaoirseachta airgeadais, idir seirbhísí atá inniúil ar ábhair maidir leis an tslándáil shóisialta, nó maidir leis an tsláinte phoiblí, mar shampla i gcás rianú teagmhála maidir le galair thógálacha nó chun dópáil sa spórt a laghdú agus/nó a dhíothú.

Ba cheart a mheas go bhfuil aistriú sonraí pearsanta dleathach freisin i gcás inar gá é a dhéanamh chun leas a chosaint ar leas é atá riachtanach do leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí nó duine eile, lena n-áirítear sláine fhisiciúil nó saol, mura bhféadfaidh an t-ábhar sonraí toiliú a thabhairt.

In éagmais cinneadh leordhóthanachta, féadfaidh dlí an Aontais nó dlí Ballstáit, ar fhorais thábhachtacha leasa phoiblí, teorannacha a leagan síos go sainráite ar aistriú catagóirí sonracha sonraí chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta.

Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi fhorálacha den sórt sin.

Aon aistriú chuig eagraíocht dhaonnúil idirnáisiúnta a dhéantar maidir le sonraí pearsanta ábhair sonraí nach bhfuil ar a chumas nó ar a cumas, ó thaobh fisiciúil nó dlíthiúil, toiliú a thabhairt, d’fhonn tasc atá riachtanach faoi Choinbhinsiúin na Ginéive a chomhlíonadh nó d’fhonn an dlí daonnúil idirnáisiúnta is infheidhme i gcoinbhleachtaí armtha a chomhlíonadh, d’fhéadfaí a mheas go bhfuil an t-aistriú sin riachtanach ar chúis thábhachtach a bhaineann le leas an phobail nó mar go bhfuil sé ríthábhachtach ó thaobh leas an ábhair sonraí.

(112) Those derogations should in particular apply to data transfers required and necessary for important reasons of public interest, for example in cases of international data exchange between competition authorities, tax or customs administrations, between financial supervisory authorities, between services competent for social security matters, or for public health, for example in the case of contact tracing for contagious diseases or in order to reduce and/or eliminate doping in sport.

A transfer of personal data should also be regarded as lawful where it is necessary to protect an interest which is essential for the data subject’s or another person’s vital interests, including physical integrity or life, if the data subject is incapable of giving consent.

In the absence of an adequacy decision, Union or Member State law may, for important reasons of public interest, expressly set limits to the transfer of specific categories of data to a third country or an international organisation.

Member States should notify such provisions to the Commission.

Any transfer to an international humanitarian organisation of personal data of a data subject who is physically or legally incapable of giving consent, with a view to accomplishing a task incumbent under the Geneva Conventions or to complying with international humanitarian law applicable in armed conflicts, could be considered to be necessary for an important reason of public interest or because it is in the vital interest of the data subject.