Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Aithris 108
Íoslódáil PDF

Aithris 108

Recital 108

(108) In éagmais cinneadh leordhóthanachta, ba cheart don rialaitheoir nó don phróiseálaí bearta a dhéanamh chun an easpa cosanta i dtríú tír a chúiteamh trí choimircí iomchuí a chur i bhfeidhm don ábhar sonraí.

Féadfar a áireamh ar na coimircí iomchuí sin úsáid rialacha ceangailteacha corparáideacha, clásail chaighdeánacha maidir le cosaint sonraí arna nglacadh ag an gCoimisiún, clásail chaighdeánacha maidir le cosaint sonraí arna nglacadh ag údarás maoirseachta nó clásail chonarthacha arna n-údarú ag údarás maoirseachta.

Leis na coimircí sin, ba cheart comhlíonadh na gceanglas maidir le cosaint sonraí agus cearta na n-ábhar sonraí a áirithiú ar bhealach a bheidh comhoiriúnach le próiseáil laistigh den Aontas, lena n-áirítear fáil a bheith ar chearta in-fhorfheidhmithe na n-ábhar sonraí agus ar leigheasanna éifeachtacha dlí, lena n-áirítear an ceart sásamh éifeachtach riaracháin nó sásamh breithiúnach éifeachtach a fháil agus cúiteamh a éileamh, san Aontas nó i dtríú tír.

Ba cheart go mbainfidís go háirithe le comhlíonadh na bprionsabal ginearálta a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta agus le prionsabail na cosanta sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú.

Féadfaidh údaráis phoiblí nó comhlachtaí poiblí aistrithe a dhéanamh freisin le húdaráis phoiblí nó le comhlachtaí poiblí i dtríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil dualgais chomhfhreagracha orthu nó a bhfuil feidhmeanna comhfhreagracha acu, lena n-áirítear ar bhonn forálacha atá le cur isteach i socruithe riaracháin, amhail meamraim tuisceana, lena ndéantar foráil do chearta in-fhorfheidhmithe éifeachtacha do na hábhair sonraí.

Ba cheart údarú an údaráis inniúil mhaoirseachta a fháil tráth a ndéanfar foráil do na coimircí i socruithe riaracháin nach bhfuil ceangailteach ó thaobh an dlí de.

(108) In the absence of an adequacy decision, the controller or processor should take measures to compensate for the lack of data protection in a third country by way of appropriate safeguards for the data subject.

Such appropriate safeguards may consist of making use of binding corporate rules, standard data protection clauses adopted by the Commission, standard data protection clauses adopted by a supervisory authority or contractual clauses authorised by a supervisory authority.

Those safeguards should ensure compliance with data protection requirements and the rights of the data subjects appropriate to processing within the Union, including the availability of enforceable data subject rights and of effective legal remedies, including to obtain effective administrative or judicial redress and to claim compensation, in the Union or in a third country.

They should relate in particular to compliance with the general principles relating to personal data processing, the principles of data protection by design and by default.

Transfers may also be carried out by public authorities or bodies with public authorities or bodies in third countries or with international organisations with corresponding duties or functions, including on the basis of provisions to be inserted into administrative arrangements, such as a memorandum of understanding, providing for enforceable and effective rights for data subjects.

Authorisation by the competent supervisory authority should be obtained when the safeguards are provided for in administrative arrangements that are not legally binding.