Навигация
GDPR > Airteagal 5. Prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta
Изтегляне на PDF

Airteagal 5 RGCS (GDPR). Prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta

1. Maidir le sonraí pearsanta:

(a) déanfar iad a phróiseáil ar bhealach atá dleathach, cothrom agus trédhearcach i ndáil leis an ábhair sonraí (“dlíthiúlacht, cothroime agus trédhearcacht”);

Експертен коментар
ISO 27701

(EN) ISO/IEC 27701, adopted in 2019, added additional ISO/IEC 27002 guidance for PII controllers.

Here is the relevant paragraph to article 5(1)(a) GDPR:

7.2.2 Identify lawful basis

Control

The organization should determine, document and comply with the relevant lawful basis for the processing of PII for the identified purposes.

Implementation guidance

Some jurisdictions require the organization to be able to demonstrate that the lawfulness of processing was duly established before the processing.


за достъп до пълния текст

Насоки и съдебна практика Съображения

(39) Ba cheart aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bheith dleathach agus cothrom. Ba cheart é a bheith trédhearcach do dhaoine nádúrtha go ndéantar sonraí pearsanta a bhaineann leo a bhailiú, a úsáid, a cheadú nó go ndéantar iad a phróiseáil ar bhealach eile agus a mhéid a dhéantar na sonraí a phróiseáil nó a dhéanfar iad a phróiseáil. Ceanglaítear le prionsabal na trédhearcachta go mbeadh sé éasca rochtain a fháil ar aon fhaisnéis agus ar aon chumarsáid a bhaineann le próiseáil na sonraí pearsanta sin agus go mbeadh sé éasca an fhaisnéis sin agus an chumarsáid sin a thuiscint, agus go ndéanfaí teanga shoiléir shimplí a úsáid. Baineann an prionsabal sin, go háirithe, le faisnéis a thugtar do na hábhair sonraí maidir le céannacht an rialaitheora agus le críocha na próiseála agus le faisnéis bhreise chun próiseáil chothrom thrédhearcach a áirithiú i ndáil leis na daoine nádúrtha lena mbaineann agus a gceart dearbhú agus teachtaireacht a fháil i ndáil leis na sonraí pearsanta a bhaineann leo agus atá á bpróiseáil. Ba cheart daoine nádúrtha a chur ar an eolas faoi rioscaí, rialacha, coimircí agus cearta a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta agus faoin mbealach lena gcearta a fheidhmiú i ndáil le próiseáil den sórt sin. Ba cheart, go háirithe, do na críocha sonracha ar chucu a dhéantar sonraí pearsanta a phróiseáil a bheith lánsoiléir agus dlisteanach agus ba cheart iad a chinneadh tráth bhailiú na sonraí pearsanta. Ba cheart na sonraí pearsanta a bheith leordhóthanach, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá chun na gcríoch a ndéantar iad a phróiseáil ina leith. Éilítear leis seo, go háirithe, go ndéantar a áirithiú go bhfuil an tréimhse a stóráiltear na sonraí pearsanta lena linn teoranta go dtí íosmhéid dhocht. Níor cheart sonraí pearsanta a phróiseáil ach mura bhféadfaí críoch na próiseála a bhaint amach go réasúnta ar bhealach eile. Chun a áirithiú nach gcoinnítear na sonraí pearsanta níos faide ná mar is gá, ba cheart don rialaitheoir teorainneacha ama a shocrú don léirscriosadh nó chun athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh. Ba cheart gach beart réasúnta a dhéanamh chun a áirithiú go gceartaítear nó go scriostar sonraí pearsanta míchruinne. Ba cheart sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach lena n-áirithítear slándáil agus rúndacht iomchuí na sonraí pearsanta, lena n-áirítear chun cosc a chur ar rochtain neamhúdaraithe ar shonraí pearsanta nó ar úsáid neamhúdaraithe sonraí pearsanta agus an trealamh a úsáidtear leis an bpróiseáil a dhéanamh.

Свързани статии

(b) déanfar iad a bhailiú chun críocha sonraithe sainráite dlisteanacha agus ní dhéanfar iad a phróiseáil tuilleadh ar shlí atá ar neamhréir leis na críocha sin; tuilleadh próiseála a dhéantar ar shonraí pearsanta chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch agus stairiúil nó chun críocha staidrimh, ní mheasfar, i gcomhréir le hAirteagal 89(1), go bhfuil sí ar neamhréir leis na críocha tosaigh (“teorannú de réir cuspóra”);

Експертен коментар
ISO 27701

(EN) ISO/IEC 27701, adopted in 2019, added additional ISO/IEC 27002 guidance for PII controllers.

Here is the relevant paragraphs to article 5(1)(b) GDPR:

7.2.1 Identify and document purpose

Control

The organization should identify and document the specific purposes for which the PII will be processed.

Implementation guidance

The organization should ensure that PII principals understand the purpose for which their PII is processed. It is the responsibility of the organization to clearly document and communicate this to PII principals.


за достъп до пълния текст

Насоки и съдебна практика Свързани статии

(c) beidh siad leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá maidir leis na críocha dá ndéantar iad a phróiseáil (“íoslaghdú sonraí”);

Експертен коментар
ISO 27701

(EN) ISO/IEC 27701, adopted in 2019, added additional ISO/IEC 27002 guidance for PII controllers.

Here is the relevant paragraphs to article 5(1)(c) GDPR:

7.4.1 Limit collection

Control

The organization should limit the collection of PII to the minimum that is relevant, proportional and necessary for the identified purposes.

Implementation guidance

The organization should limit the collection of PII to what is adequate, relevant and necessary in relation to the identified purposes. This includes limiting the amount of PII that the organization collects indirectly (e.g. through web logs, system logs, etc.).

Privacy by default implies that, where any optionality in the collection and processing of PII exists, each option should be disabled by default and only enabled by explicit choice of the PII principal.

7.4.4 PII minimization objectives

Control

The organization should define and document data minimization objectives and what mechanisms (such as de-identification) are used to meet those objectives.


за достъп до пълния текст

Насоки и съдебна практика Свързани статии

(d) beidh siad cruinn agus, i gcás inar gá, coimeádfar suas le dáta iad; déanfar gach beart réasúnta chun a áirithiú go léirscriostar nó go gceartaítear sonraí pearsanta míchruinne gan mhoill, ag féachaint do na críocha ar chucu a dhéantar iad a phróiseáil (“cruinneas”);

Експертен коментар
ISO 27701

(EN) ISO/IEC 27701, adopted in 2019, added additional ISO/IEC 27002 guidance for PII controllers.

Here is the relevant paragraphs to article 5(1)(d) GDPR:

7.3.6 Access, correction and/or erasure

Control

The organization should implement policies, procedures and/or mechanisms to meet their obligations to PII principals to access, correct and/or erase their PII.

Implementation guidance

The organization should implement policies, procedures and/or mechanisms for enabling PII principals to obtain access to, correct and erase of their PII, if requested and without undue delay.


за достъп до пълния текст

Свързани статии

(e) déanfar iad a choinneáil i bhfoirm nach gceadaítear léi na hábhair sonraí a shainaithint ach go ceann tréimhse nach faide ná mar is gá chun na críocha sin ar chucu a dhéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil a bhaint amach; féadfar sonraí pearsanta a stóráil le haghaidh tréimhsí níos faide a mhéid nach ndéanfar na sonraí sin a phróiseáil ach amháin chun críocha cartlannú a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail, chun críocha taighde eolaíoch nó stairiúil nó chun críocha staidrimh i gcomhréir le hAirteagal 89(1) faoi réir chur chun feidhme na mbeart iomchuí teicniúil agus eagraíochtúil a cheanglaítear leis an Rialachán seo d’fhonn cearta agus saoirsí an ábhair sonraí a choimirciú (“teorannú stórála”);

Експертен коментар
ISO 27701

(EN) ISO/IEC 27701, adopted in 2019, added additional ISO/IEC 27002 guidance for PII controllers.

Here is the relevant paragraphs to article 5(1)(e) GDPR:

7.4.4 PII minimization objectives

Control

The organization should define and document data minimization objectives and what mechanisms (such as de-identification) are used to meet those objectives.

Implementation guidance

Organizations should identify how the specific PII and amount of PII collected and processed is limited relative to the identified purposes.


за достъп до пълния текст

Насоки и съдебна практика Свързани статии

(f) déanfar iad a phróiseáil ar chaoi go n-áirithítear slándáil iomchuí na sonraí pearsanta, lena n-áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ar chailleadh, scrios nó damáiste de thaisme, agus úsáid á baint as bearta iomchuí teicniúla nó eagraíochtúla (“sláine agus rúndacht”);

Експертен коментар
ISO 27701

(EN) ISO/IEC 27701, adopted in 2019, added a requirement additional to ISO/IEC 27002, section 6.2.1.

Here is the relevant paragraphs to article 5(1)(f) GDPR:

6.3.2.1 Mobile device policy

Implementation guidance

The organization should ensure that the use of mobile devices does not lead to a compromise of PII.


за достъп до пълния текст

Насоки и съдебна практика Свързани статии

2. Is é an rialaitheoir a bheidh freagrach as mír 1 a chomhlíonadh, agus beidh sé in ann an comhlíonadh sin a thaispeáint (“cuntasacht”).

ISO 27701

(EN) ISO/IEC 27701, adopted in 2019, added a requirement additional to ISO/IEC 27002, section 18.1.3.

Here is the relevant paragraphs to article 5(2) GDPR:

6.15.1.3 Protection of records

Implementation guidance

Review of current and historical policies and procedures can be required (e.g. in the cases of customer dispute resolution and investigation by a supervisory authority).


за достъп до пълния текст

Насоки и съдебна практика Съображения

(82) Chun comhlíonadh an Rialacháin seo a thaispeáint, ba cheart don rialaitheoir nó don phróiseálaí taifid a choinneáil ar ghníomhaíochtaí próiseála atá faoina chúram. Ba cheart é a bheith d'oibleagáid ar gach rialaitheoir agus próiseálaí comhoibriú leis an údarás maoirseachta agus na taifid sin a chur ar fáil don údarás, arna iarraidh sin dó, le go bhféadfaí é a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar na hoibríochtaí próiseála sin.

Свързани статии
Съображения Насоки и съдебна практика Оставете коментар
Съображения

(39) Ba cheart aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bheith dleathach agus cothrom. Ba cheart é a bheith trédhearcach do dhaoine nádúrtha go ndéantar sonraí pearsanta a bhaineann leo a bhailiú, a úsáid, a cheadú nó go ndéantar iad a phróiseáil ar bhealach eile agus a mhéid a dhéantar na sonraí a phróiseáil nó a dhéanfar iad a phróiseáil. Ceanglaítear le prionsabal na trédhearcachta go mbeadh sé éasca rochtain a fháil ar aon fhaisnéis agus ar aon chumarsáid a bhaineann le próiseáil na sonraí pearsanta sin agus go mbeadh sé éasca an fhaisnéis sin agus an chumarsáid sin a thuiscint, agus go ndéanfaí teanga shoiléir shimplí a úsáid. Baineann an prionsabal sin, go háirithe, le faisnéis a thugtar do na hábhair sonraí maidir le céannacht an rialaitheora agus le críocha na próiseála agus le faisnéis bhreise chun próiseáil chothrom thrédhearcach a áirithiú i ndáil leis na daoine nádúrtha lena mbaineann agus a gceart dearbhú agus teachtaireacht a fháil i ndáil leis na sonraí pearsanta a bhaineann leo agus atá á bpróiseáil. Ba cheart daoine nádúrtha a chur ar an eolas faoi rioscaí, rialacha, coimircí agus cearta a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta agus faoin mbealach lena gcearta a fheidhmiú i ndáil le próiseáil den sórt sin. Ba cheart, go háirithe, do na críocha sonracha ar chucu a dhéantar sonraí pearsanta a phróiseáil a bheith lánsoiléir agus dlisteanach agus ba cheart iad a chinneadh tráth bhailiú na sonraí pearsanta. Ba cheart na sonraí pearsanta a bheith leordhóthanach, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá chun na gcríoch a ndéantar iad a phróiseáil ina leith. Éilítear leis seo, go háirithe, go ndéantar a áirithiú go bhfuil an tréimhse a stóráiltear na sonraí pearsanta lena linn teoranta go dtí íosmhéid dhocht. Níor cheart sonraí pearsanta a phróiseáil ach mura bhféadfaí críoch na próiseála a bhaint amach go réasúnta ar bhealach eile. Chun a áirithiú nach gcoinnítear na sonraí pearsanta níos faide ná mar is gá, ba cheart don rialaitheoir teorainneacha ama a shocrú don léirscriosadh nó chun athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh. Ba cheart gach beart réasúnta a dhéanamh chun a áirithiú go gceartaítear nó go scriostar sonraí pearsanta míchruinne. Ba cheart sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach lena n-áirithítear slándáil agus rúndacht iomchuí na sonraí pearsanta, lena n-áirítear chun cosc a chur ar rochtain neamhúdaraithe ar shonraí pearsanta nó ar úsáid neamhúdaraithe sonraí pearsanta agus an trealamh a úsáidtear leis an bpróiseáil a dhéanamh.

Насоки и съдебна практика Оставете коментар
[js-disqus]