Nascleanúint
RGCS (GDPR) > Airteagal 92. An tarmligean a fheidhmiú
Íoslódáil PDF

Airteagal 92 RGCS (GDPR). An tarmligean a fheidhmiú

Article 92 GDPR. Exercise of the delegation

1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

1. The power to adopt delegated acts is conferred on the Commission subject to the conditions laid down in this Article.

2. Tabharfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12(8) agus in Airteagal 43(8) don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ón 24 Bealtaine 2016.

2. The delegation of power referred to in Article 12(8) and Article 43(8) shall be conferred on the Commission for an indeterminate period of time from 24 May 2016.

Téacsanna gaolmhara

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12(8) agus in Airteagal 43(8) a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an gcinneadh an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

3. The delegation of power referred to in Article 12(8) and Article 43(8) may be revoked at any time by the European Parliament or by the Council. A decision of revocation shall put an end to the delegation of power specified in that decision. It shall take effect the day following that of its publication in the Official Journal of the European Union or at a later date specified therein. It shall not affect the validity of any delegated acts already in force.

Téacsanna gaolmhara

4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

4. As soon as it adopts a delegated act, the Commission shall notify it simultaneously to the European Parliament and to the Council.

5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 12(8), agus Airteagal 43(8) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí ó tugadh fógra i dtaobh an ghnímh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid ina choinne. Cuirfear trí mhí bhreise leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

5. A delegated act adopted pursuant to Article 12(8) and Article 43(8) shall enter into force only if no objection has been expressed by either the European Parliament or the Council within a period of three months of notification of that act to the European Parliament and the Council or if, before the expiry of that period, the European Parliament and the Council have both informed the Commission that they will not object. That period shall be extended by three months at the initiative of the European Parliament or of the Council.

Téacsanna gaolmhara
Recitals Leave a comment
Recitals

(166) Chun cuspóirí an Rialacháin seo a chomhlíonadh, eadhon cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint agus go háirithe a gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus saorghluaiseacht sonraí pearsanta laistigh den Aontas a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún. Go háirithe, ba cheart gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i ndáil le critéir agus le ceanglais maidir le sásraí deimhniúcháin, le faisnéis atá le léiriú trí dheilbhíní caighdeánaithe agus le nósanna imeachta maidir leis na deilbhíní sin a chur ar fáil. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach tráthúil iomchuí.

(166) In order to fulfil the objectives of this Regulation, namely to protect the fundamental rights and freedoms of natural persons and in particular their right to the protection of personal data and to ensure the free movement of personal data within the Union, the power to adopt acts in accordance with Article 290 TFEU should be delegated to the Commission. In particular, delegated acts should be adopted in respect of criteria and requirements for certification mechanisms, information to be presented by standardised icons and procedures for providing such icons. It is of particular importance that the Commission carry out appropriate consultations during its preparatory work, including at expert level. The Commission, when preparing and drawing-up delegated acts, should ensure a simultaneous, timely and appropriate transmission of relevant documents to the European Parliament and to the Council.

Leave a comment
[js-disqus]